BAILII is celebrating 24 years of free online access to the law! Would you consider making a contribution?

No donation is too small. If every visitor before 31 December gives just £1, it will have a significant impact on BAILII's ability to continue providing free access to the law.
Thank you very much for your support!



BAILII [Home] [Databases] [World Law] [Multidatabase Search] [Help] [Feedback]

High Court of Ireland Decisions


You are here: BAILII >> Databases >> High Court of Ireland Decisions >> O'Beolain v. Fahy [1999] IEHC 161 (17th May, 1999)
URL: http://www.bailii.org/ie/cases/IEHC/1999/161.html
Cite as: [1999] IEHC 161

[New search] [Printable RTF version] [Help]


O'Beolain v. Fahy [1999] IEHC 161 (17th May, 1999)

AN ÁRD CHÚIRT
ATHBHREITHNIÚ BREITHIÚNACH

Uimh 110 J.R. 1998


IDIR:

SÉAMUS O BEOLÁIN
IARRATASÓIR
AGUS
BREITHEAMH NA CÚIRTE DÚICHE MARY FAHY,
AN STIÚRTHÓIR NA n-IONCHÚISEAMH POIBLÍ,
AN tAIRE DLÍ AGUS CIRT, ÉIRE AGUS AN tÁRD AIGHNE
FREAGRÓIRÍ

Breithiúnas a thug an Breitheamh Laffoy ar 17ú Meitheamh, 1999 .

AN tIARRATAS

1. Ar 19ú Márta, 1998 tugadh cead don Iarratsóir sa Chúirt seo (An Breitheamh Smyth) na faoisimh seo leanas a lorg í bhfoirm aithbreithniú, se sin le rá:-

(1) Ordú Toirmisc ar na Freagróiri a ainmnítear sa chéad agus sa darú áit sna himeachtaí seo maidir leis an ioncúiseamh 03942297 go dtí go mbéidh tiontú oifigiúil ar Road Traffic Act 1994, Road Traffic Act 1995 agus The Rules of the District Court (Ionstraim Reachtúla Uimhir 93/1997) ar fáil don Iarratasóir;
(2) Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar na Freagróirí a ainmnítear sa triú agus sa cheathrú áit sna himeachtaí seo tiontú oifigiúil Road Traffic Act 1994 a chur ar fáil sa phríomh-theanga oifigiúil don phobal fré chéile, ar a n-áirítear an tIarratasóir;
(3) Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar na Freagróirí a ainmnítear sa triú agus sa cheathrú áit sna himeachtaí seo tiontú oifigiúil Road Traffic Act 1995 a chur ar fáil sa phríomh-theanga oifigiúil don phobal fré chéile, ar a n-áirítear an tIarratasóir;
(4) Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar na Freagróirí a ainmnítear sa triú agus sa cheathrú áit sna himeachtaí seo tiontú oifigiúil Achtanna an Oireachtais a chur ar fáil don phobal sa phríomh-theanga oifigiúil nuair a gcuireann an tUachtarán a lámh le téacs Bille sa dara teanga oifigiúil; agus
(5) Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar na Freagróirí a ainmnítear sa triú agus sa cheathrú áit sna himeachtaí seo tiontú oifigiúil Ionstraim Reachtúil Uimh 93/1997 a chur ar fáil sa phríomh-theanga oifigiúil don phobal fré chéile, ar a n-áirítear an tIarratasóir.

2. Baineann an ioncuiseamh 03942297 le cion atá curtha i leith an Iarratasóra faoí alt 49(3) agus (6) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961, arna leasú faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994. Is mian leis an Iarratasoir a chás a phlé trí Ghaeilge. Ar an ábhar sin, nuair a tháinig an cás ós cómhair na Cúirte Dúiche ar 18ú Mean Fomhair, 1997, tar éis dó pléadáil neamh-ciontach, d'iarr sé go gcuirfí ar fáil dó tiontuithe oifigiúla de na hAchtanna, 1994 agus 1995 agus Rialacha na Cúirte Dúiche 1997 (Ionstraim Reachtuil 93/1997) (Rialacha 1997). Cuireadh an cás siar ó am go ham agus ar deireadh thiar, tháinig se ós cómhair na Cúirte ar an 13ú Feabhra, 1998. Ar an ócáid sin dhúiltigh an Freagróir sa chéad áit thuasluaite ordú a dhéanamh, ar iarratas an Iarratasóra, go gcuirfí iachall ar an bhFreagróir sa dara áit thuasluaite na tiontuithe a chur ar faíl don Iarratasóir. Cé nach raibh tiontuithe oifigíula de na hAchtanna ar fail ar an 13ú Feabhra, 1998 nó ar 19ú Marta, 1998, idir an dá linn cuireadh ar fáil iad agus tá siad i seilbh an Iarratasóra ó mhí Mhárta, 1999 i leith. De thoradh sin, níl na faoisimh luaite in altanna (2) agus (3) nó in alt (1) i leith na nAchtanna i gceist sna himeachtai seo feasta.


NA RIALACHA

3. Áitionn abhcoíde an Iarratasóra, an tUasal Ó Floinn, go bhfuil dualgas bunreachtúil ar an Stát tiontú oifigiúil de Rialacha, 1997 a chur an fáil agus go bhfuil ceart bhunreachtúil cómhaoibhneasach dílsithe san saoránach an tiontú a bheith ar faíl dó. Tagraíonn se do na forálacha seo leanas de Bhunreacht na hÉireann i dtacaíocht lena aighneacht:-


(a) Alt 8 agus an ceart dá réir chun rogha saor a dhéanamh idir Béarla agus Gaeilge in aon gnó leis an Stát agus go sonrach in aon imeachtaí dlíthiúla, a chuireann, dar leis, dualgas ar an Stát tiontú an ábhair oifigiúil a bhaineann leis an gcás a chur ar fáil chun go mbéidh rogha saor ag an Iarratasóir;
(b) Alt 40.1 ina n-áirítear gurb ionann ina bpearsain daonna na saoránaigh uile i láthair an dlí, a chiallaíonn, dar leis, nach bhfuil cead ag an Stát constaic a chur os cómhair an duine gur mian leis Gaeilge a úsáid sna Cúirteanna; agus
(c) Alt 34.3.1. in a bhfuil se intuigthe go bhfuil cead ag gach saoránach dul ós cómhair na gcúirteanna, cead is ionann le ceart pearsanta intuigthe faoi alt 40.3.1. ( Macauley -v- Minister for Post & Telegraphs , (1966) I.R. 345).

4. Tagraíonn sé freisin do bhreithiúnas a thug Ó hAnluain B. i Delap -v- An tAire Dlí agus Cirt ar 13ú Iuil, 1990.

5. Cé go nglacann na Freagróirí go bhfuil dualgas ar an Stat tiontú oifigiúil de gach Acht den Oireachtais a chur amach, nil sé soileír cé acu an admhnaíonn nó nach admhaíonn siad go bhfuil an dualgas céanna ar an Stát maidir le Rialacha 1997. Pé scéal e, dearbhaíonn na Freagroírí go bhfuil se ar intinn acu tiontu oifigiúil de Rialacha 1997 a chur ar fáil comh luath agus is féidir. Ainneoin sin, áitionn abhcoíde na bhFreagróirí, an tUasal Ó Caoimh, gur ceart an breithiunas i Delap v. An tAire Dlí and Cirt a idirdhealu de bhrí nach ionann na toisci sa chás sin agus na toisci sa chás seo. Bhí tiontú Rialacha na gCúirteanna Ard-chéime ag teastaíl ó Delap i gcáil aturnae ar mhian leis cásanna do riarú trí Ghaeilge sna cúirteanna Ard-Chéime. Chinn Ó hAnluain B. go raibh constaici sa bhealach air san ghnó sin de dhíth tiontú. Sa chás seo, áitionn na Freagróiri, níl aon fhianaise nó aon fhianaise cuí romham go raibh, nó go mbeidh, aon chonstaic nó bhac roimh an Iarratasóir i gcosaint na nioncúiseamh sa Chúirt Duiche agus séanann siad go raibh, nó go mbéidh, aon mhí-bhuntáiste ag gabháil le stiúradh na nimeachtai sa Chúirt Duiche de bhárr easpa tiontú Rialacha 1997. Thairis sin, deireann na Freagróiri gur féidir leis an Iarratasóir feidhm a bhaint as tiontú oifigiúil Rialacha na Cúirte Dúiche, 1948 atá le fáil.

6. Mar fhreagna ar an aighneacht deireannach réamh-luaite, deireann an tIarratasóir nach bhfuil ualach air fianaise a thabhairt ar áird a chruthaíonn go bhfuil bac nó constaic sa bhealach ar an Iarratasóir i gcosaint na nioncúiseamh. A mhalairt ar fad, deireann an tIarratasóir; ní cóir duine a cheistiú i dtaobh rogha a theanga dhúcasach nó a chumas a ghnó a dheananmh tri Bhéarla. Maille le sin, áitíonn an tIarratasóir go bhfuil constaici sa bhealach aír sa Chúirt Dúiche dáiríre. Mar shampla, má theastaíonn uaidh toghghairm finné a chur amach, níl aon aistriúcháin oifigiúil den foirm ordaithe le fáil.

I gcás Delap v. An tAire Dlí agus Cirt bé gearán an iarratasóra nach raibh tiontú oifigiúil Rialacha na gCuirteanna Ard-Chéime, 1986 ar fáil sa phríomh theanga oifigiúil. Sna sliochtanna seo leanas dá bhreithiunas léirigh Ó hAnluain B. a bharúil faoi fhorálacha an Bhunreachta a bhí igceist sa chás sin agus, dár liomsa, atá i gceist sa chás seo:-

"Sa chás so, áfach, ní dóigh liom gur ghá don Iarratasóir dul i muinín forálacha Ailt 8 den mBunreacht. Glacaim leis go rabh comhacht ag an gCoíste a cheapadh fé fhorálacha na nAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, i dteannta an Aire Dlí agus Cirt, Rialacha a dhéanamh fés na hAchtanna san i mBéarla amháin (fé mar tharla) agus nach rabh aon sárú ar Alt 8 den mBunreacht i gceist nuair dhéin an Coiste agus an tAire rogha do cheann amháin des na teangacha oifigiúla, chun na Rialacha (agus na Foirmeacha á ghábhann leo) a dhéanamh, gan iad a chur ar fáil ag an am gcéanna san dara theanga oifigiúil...

Tá ceart bunreachtúil ag gach saoránach teacht os comhair na gCúirteanna bunaítear le dlí fén mBunreacht d'fhonna chearta fén mBunreacht agus fén dlí d'agairt nó do chosaint, agus nuair is mian leis sin do dhéanamh tá iachall air do reir dlí cloí le forálacha Rialacha na gCúirteanna Ard-Chéime i ngach a bhaineann le himeachta san Árd-Chúirt agus san Chúirt Uachtarach. Caithfidh sé feidhm do bhaint as na foirmeacha atá le fáil in sna hAguisíní a ghabhann leis na Rialacha nó foirmeacha atá ar aon dul leo (Ordú 125, Riail 3) agus déanamh do réir mar leagtar síos in sna Rialacha ó thús na himeachta go dtí an deireadh.

Tá sé de cheart aige fén mBunreacht a thaobh féin des na himeachta do riaradh go hiomlán as Gaeilge, má's mian leis rogha do dhéanamh den phríomh-theanga oifigiúil. Táim den bharúil go bhfuil constaic mhór san mbealach roimhe má's mian leis an Ghaeilge d'úsáid agus ma thárlaíonn ag an am gcéanna nach bhfuil aon leagan oifigiúil ar fáil den dlí a gheibhtear in sna Rialacha maidir le riaradh na nimeachta, nó des na foirmeacha a ghabhann leo, agus nach bhfuil cothrom na Féinne le fáil aige sa chás san i gcomparáid leis an aicme den phobal a bhíonn lán-tsásta an leagan Béarla d'úsáid i gcónaí...

Dá réir sin, chítear dhom go rabh dualgas ar an Stát sa chás so, aistriúchán des na Rialacha do chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta taréis don Choiste agus don Aire glacadh leis na Rialacha san leagan Béarla, agus gur theip ar an Stát an dualgas san do chomhlíonadh."

7. Nios déanaí, in a bhreithiúnas a thug se ar 4ú Meitheamh 1992 i gcás Ní Cheallaigh v. An tAire Comhshaoil mhínigh Ó hAnluain B. an bunphrionsabal a bhí igceist i gcás Delap v. An tAire Dlí agus Cirt mar seo leanas:-


"Cinnte, bhí gnó oifigiúil de chuid an Stáit i gceist, ach ina theannta san sé bhí i gceist ná an ceart atá ag gach saoránach fén mBunreacht rochtain a bheith aige ar na cúirteanna d'fhonn a chearta a dhearbhú agus a chosaint. Ar an ábhar sin, bhíos den bharúil go mbéadh sárú dá dhéanamh ar an gceart san muna gcuirfí Rialacha na nUas-Chúirteanna ar fáil san dá theanga oifigiúil."

8. Táim ar aon intinn le Ó hAnluain B. faoi éifeacht forálacha an Bhunreachta i leith na fírici sa chás seo. Sí mo thuairim go bhfuil dualgas ar an Stát de reír forléiriú cruinn Alt 34.3.1 ag imoibrú le Alt 40.3.1, i gcómhthéacs Alt 8, tiontú oifigiúil Rialacha 1997 a chur ar fáil laistigh de threimhse réasúnta tar eis don Freagróir sa triú áit thuasluaite glacadh leo sa leagan Béarla, agus, go bhfuil ceart cómhaoibhneasach neamháirithe pearsanta ag an saoránach faoi Alt 40.3.1 go gcóimhlíonfar an dualgas sin. Ní doígh liom, áfach, go bhfuil teipthe ar an Stát an dualgas sin a chóimhlíonadh go fóill. Chuir an tAire a lámh leis na Rialacha 1997 ar 24ú Feabhra, 1997. Tá 1199 leathanaigh (na foirmeacha agus an clár aibítreach á chur san áireamh) san imleabhar de Rialacha 1997 a dfhoillsigh Oifig an tSoláthair. Is gnó ollmhóir atá faoi bhráid an Phríomh Aistreóir chun Rialacha 1997 a thiontú agus sé mo thuairim nach bhfuil tréimhse réasúnta caite o seoladh iad chuige ar 25ú Marta, 1997. Ní shé sin le rá nach bhfuil géarghá tabhairt faoin obair agus é a chriochrú go práinneach.

9. Go dtí go mbeidh tiontú oifigiúil de Rialacha 1997 ar fáil ní foláir do oifigi na Cúirte Dúiche agus breithimh na Cúirte gach iarracht a dhéanamh pé deachrachtaí a bhéas sa bhealach ar dhlithi gur mian leo a ngnó a riarú trí Ghaeilge, as ucht tiontú gan a bheith ar fáil, a laghdú agus a chealú. Mar shampla, ní cóir go ndéanfaí aon dochar do dhlíthi a leannann na foirmeacha atá ar fáil i dtiontú oifigiúil Rialacha na Cúirte Duíche, 1948.

10. Táim sásta nach bhfuil, agus nach mbéidh, aon chonstaic sa bhealach ar an Iarratasoir agus nach bhfuil, agus nach mbéidh, a chearta bhunreachtúla á sárú toisc tiontú oifigiúil de Rialacha 1997 gan a bheith ar fáil.

BILLÍ

11. Forálann alt 25.4 den Bhunreacht mar seo leanas:-


"I gcás an tUachtarán do chur a láimhe le téacs Bille i dteanga de na teangacha oifigiúil agus sa teanga sin amháin, ní foláir tiontú oifigiúil a chur amach sa teanga oifigiúil eile."

12. Admhaíonn an Stát go bhfuil dualgas air tiontú oifigiúil a chur ar fáil de gach bille a reachtaítear sa teanga Béarla. Dáirire, ní fheadfadh an Stát an dualgas sin a shéanadh. Ach tá se intuigthe in alt 25 go mbéidh tréimhse réasunta ag an Stát tar eís actú bille chun é a aistriú.



CINNEADH

13. As ucht nár eirigh leis an Iarratasóir sárú a chearta a shuíomh, ní bhéidh aon ordú aige i dtearmaí alt (1) den Ordú 19ú Marta, 1998 agus rachfaidh an bac sealadach a chuireadh i bhfeidhm san Ordú sin in éag. Ar an ábhar céanna, ní bheidh dearbhú aige i dtearmaí alt (5).

14. Maidir le alt (4), dearbhaíonn téacs an Bhunreachta féin, in alt 25.4, an tábhar atá i gcaibidil in alt (4) den Ordú. Sé mo thuairim go mbéadh se gan mhaith dá ndearbhaíodh an Chúirt seo an tábhar ceannann céanna.

15. Mar sin dúiltíonn an Chúirt don iarratas.


© 1999 Irish High Court


BAILII: Copyright Policy | Disclaimers | Privacy Policy | Feedback | Donate to BAILII
URL: http://www.bailii.org/ie/cases/IEHC/1999/161.html