BAILII is celebrating 24 years of free online access to the law! Would you consider making a contribution?

No donation is too small. If every visitor before 31 December gives just £1, it will have a significant impact on BAILII's ability to continue providing free access to the law.
Thank you very much for your support!



BAILII [Home] [Databases] [World Law] [Multidatabase Search] [Help] [Feedback]

Supreme Court of Ireland Decisions


You are here: BAILII >> Databases >> Supreme Court of Ireland Decisions >> Gael Linn v. Attorney General [1999] IESC 42 (18th May, 1999)
URL: http://www.bailii.org/ie/cases/IESC/1999/42.html
Cite as: [1999] IESC 42

[New search] [Printable RTF version] [Help]


Gael Linn v. Attorney General [1999] IESC 42 (18th May, 1999)

AN CHÚIRT UACHTARACH
255, 259 & 341/98
Hamilton C.J.
Barrington J.
Keane J.
Lynch J.

IDIR
GAEL LINN TEORANTA
IARRATASÓIR
AGUS

AN COIMISINÉIR LUACHÁLA AN tARD-AIGHNE
AGUS AN tARD-MHÉARA BARDASAIGH AGUS
BUIRÉISIGH CHATHAIR BHAILE ÁTHA, CLIATH
FREAGRÓIRÍ

Judgment by Keane J. [Hamilton C.J., Barrington J. and Lynch J. concurring]

Breithiúnas tugtha ar an 18ú lá de Bhealtaine, 1999. leis an mBreitheamh Ó Catháin.


- 2-

1. Is achomharc é seo ar bhreithiúnas agus ordú de chuid na Ard Chúirte (An Breitheamh Mac Gabhann den dáta 31ú Deireadh Fómhair, 1997). Na h-iarrathóirí/achomharcóirí (as seo amach “Gael Linn”) is comhlucht teoranta iad a buníodh chun an Ghaeilge do chur chun cinn. Nil aon easaontas ann maidir leis na trí áitreabh atá mar ábhar conspóide 26/27 Cearnóg Mhuirfean, B.A.C. 2; Cabra Grand Cinema, 60A Bothar Chairéal, B.A.C. 7 agus Whitehall Grand Cinema, 396/402 Ascal Uí Choileáin, B.A.C. 9 a bheith ina seilbh i gcónaí ag Gael Linn ach go raibh díolúine aca sna liostaí luachála coinnithe ag an gcéad fhreagróir (as seo amach “An Coimisinéir”) ag éirí as cinneadh a rinne Cúirt Chuarda Átha Cliath (An Breitheamh Gleeson) dar dáta an 6ú Iúil, 1987.


2. Is lár ón ordú gurb iad fhorais chinneadh an Chóirt Chuarda ná:


(i) That the properties are used exclusively for a public purpose, that is, to advance the Irish language as the National tongue amongst the general public.


- 3-

(ii) that educational purposes and charitable purposes are an integral part of that public purpose.

(iii) that it is clear that a trust in respect of a public purpose is involved.

(iv) that it is clear, that, despite any profit that would be made from time to time from various activities no private profit whatsoever can be made from any such activities whatsoever, and that any profit whatsoever must be spent on the advancement of the public purpose that is promoted nationally by the applicants.”

3. Ar an 9ú Samhain, 1995, afach, cuireadh in iú1 don triú fhreagróir, an t-údarás rátála ón gceantair ina bhfuil na ceithre áitreabh lonnaithe (as seo amach “an Bardás”) go raibh cinneadh déanta ag an gCoimisinéir go ndéanfaí athbhreithniú ar an stádas na díolúine. Tharla sé seo mar toradh ar iarratas le haghaidh a leithéid de athbhreithniú a rinne an



- 4-

4. Bárdas ach nár tugadh fógra do Ghael Linn faoin iarratas mar ba cóir a thabhairt faoí shonraí an dlí, agus rinne an Ard Chúirt ordú certiorari le toiliú ag cur ar neamhní cinneadh an Choimisinéara ar an mbonn sin. D’iarr Gael Linn faoiseamh breise, ina measc ordaithe coscúla ag stopadh an Bárdas ó bheith ag déanamh aon iarratas ag lorg athbhreithnithe ar stádas díolúine na aitreabh an fhad is a mhair ordaithe na Cúirte Cuarda a bhain leo agus ag cur cosc ar an gCoimisinéir ó bheith ag déanamh a leithúid de athbhreithniú fad is a bhí úsáid agus stádas na n-aitreabh mar a gcéanna. Do dhiúltaigh breitheamh na hArd Chúirte da leithéid d’fhaoisimh i mbreithiúnas gearr gan ullmhú, ar an gcúis nár bhain an teagasc res judicata leis na hordaithe déanta ag an gCúirt Chuarda in 1987 maidir leis na h-áitrimh. Ón gcinneadh sin rinne Gael Linn achomharc go dtí an Cúirt seo. Níor leanadh leis an eileamh go raibh an reachtaíocht dlí a bhain le hábhar mí-bhunreachtúil sa chúirt seo.


5. Ba cheart achoimre do dhéanamh ar an reachtaíocht sin. Leagtar síos i mir 2 den Valuation (Ireland) Act, 1854:



-5-

“In making out the lists or tables of valuation mentioned in the said firstly herein before mentioned Act/Valuation (Ireland) Act 1852] the Commissioner of Valuation shall distinguish all the hereditaments and tenements or portions of the same of a public nature or used for charitable purposes or for the purposes of science, literature and the fine arts... and all such hereditaments or tenements or portions of the same so distinguished shall, so long as they shall continue to be of a public nature and occupied for the public service or used for the purposes aforesaid, be deemed exempt from all assessment for the relief of the destitute poor in Ireland and for grand jury and county rates...”

6. I mireanna 19,20,31 den Valuation (Ireland) Act 1852, (as seo amach “An t-Acht 1852”) tá feidhm chun athrú agus leasú a dhéanamh ar luachálaithe ag an gCoimisinéir agus achomharcanna ó chinnithe an Choimisinéara chuig an gCúirt Chuarda. Do bhunaigh the Valuation Act 1988 (as seo amach “An t-Acht 1988) coras nua chun athbhreithniú



-6-

ar 1uachálacha agus achomharcanna uaidh siúd agus go mbunófaí Binse Luachála a d’fhéadfeadh deileáil leis na h-achcomharcanna. Deir mir 3

(1) den Acht 1988;

“An owner or occupier of any property, the rating authority or a officer of the Commissioner of Valuation may apply at any time for a revision of the valuation of any property entered .in the valuation list or for the inclusion therein of any property not so entered.”

7. De réir fó-mhir 3 ní mór don Choimisinéir cinneadh do dhéanamh ar pé iarrataisí atá faighte aige taobh istigh de sé mhí agus deireann fó-mhir 4 nach mór don údarás 1uachá1a a chur in iú1 don úinéir agus don áitreabhóir toradh an chinneadh ar an iarratais agus faoin ceart atá aige, no aici, achomharc do dhéanamh don Binse Luachála i gcoinne an Choimisinéara faoi mir 20 den Acht 1852.



-7-

8. In a aighneachtaí cuimsitheacha ar son an iarrathóra d’áitigh an t-Uasal Seamus Ó Tuathail go raibh cinneadh an Chúirt Chuarda i Mí 1úi1, 1987, réasúnta ma mbreithiúnas reasúnta faoi cheist stádas díolúine na gceithre áitreabh in a raibh sé soiléir go raibh an teagasc res judicata bhfeidhm. Lean sé sin chomh fada is a bhí na h-áitribh “in úsáid dona h-aidhmeanna réamhráite” taobh istigh de bhrí mir a dó den Acht 1854, an t-údarás luachála agus an Coimisinéir ar aon a bheith coiscthe ar an gceist a oscailt aris. In aighneacht bhreise dúirt an t-Uasal Ó Tuathail agus na bhreithiúnais in East Donegal Co-Operative Livestock Marts Ltd v. Attorney General [1970], IR 317, O’Brien v. Bord na Móna [1983] IR 255 agus Goodman International v. Mr. Justice Hamilton [1992] 2 IR 542, á gur san áireamh go raibh an dualgas ar an mBardas agus ar an gCoimisinéir, ag cur a gcuid cumhachtaí i bhfeidhm de réir na reachtaíocht cuí, usáid do bhaint as modhanna oibre a bhí cothrom, agus nuair theip orthu fáthanna ar bith a thabhairt faoin chúis gur cheart an coras athbhreithnithe do chur ar siúl i gcás nuair atá stádas díolúine desna n-áitreabh socraithe cinnte ag an gCúirt Chuarda, go raibh gné



-8-

riachtanach de choras cothrom curtha ar neamhní ag an mBárdas agus ag an gCoimisinéir.

9. Dúirt an t-Uasal Ó Tuathail i dtaobh mír 3 (1) den Acht 1988, cé gur cinnte go raibh an chuma air gur thug sé cumhacht gan srian don údarás luachála, nó d’oifigeach de chuid an Choimisinéara, iarratas a lorg do athbhreithniú luachála d’aon áitreabh, níor mhór é a thuiscint i gcomhtheacs na riachtanas bunreachtúla úd. Tá sé, chomh maith, ag brath ar chinneadh Chúirt Uachtarach Saorstát Éireann in Ó Foghludha v. McClean [1934] IR 469 agus cinneadh neamhthuairiscaithe de chuid na hArdChúirt, An Stát Mac Fhearraigh v. Mac Gamhnaí (O’Hanlon J.) breithiúnas ar 1ú Meitheamh, 1983.) agus dúirt sé gur thug stádas na Gaeilge mar an teanga naisiúnta stádas ar leith do Gael Linn gcomhtheacs na n-aidhmeanna lenar úsáideadh na h-áitreabhacha, agus mar sin go rabhadar i dteideal na rialacha a bheith intuigthe le dea-mhán in a bhfabhar.



-9-

10. Aighneacht eile a bhí ag an Uasal Ó Tuathail ná gur ceart breithiúnas na cúirte seo i Kildare County Council & Anor. v. Keogh & Others [1971] IR 330 a bhfuil an Coimisinéir agus an Bárdas ag braith air, gur a fheiceáil i gcomhthéacs a chúinsí fhéin. Dúirt an Chúirt Uachtarach sa chás sin nach raibh cosc ar an gearánaí bheith ag déanamh élimh eile amach anseo le haghaidh rátaí toisc go raibh cinneadh déanta ag an Ard Chúirt cheana a dúirt nár ghá rátaí a íoc, ach d’érigh sé sin as firicí an chás sin á gcur i gcomhthéacs reachtíochta a bhain le Bórd Solathair an Leictreachas.


11. In aighneacht a rinne an t-Uasal Aindreas Ó Caoimh, A.S., agus an t-Uasal Maurice Gaffney, A.S., ar son an Coimisinéara agus an Bhárdas, faoí seach, dúirt siad go raibh foclaíocht mhír 3 (1) den Acht 1988 soiléir agus thug sé cead don údarás rátála nó oifigeach ón gCoimisinéir Luachála iarratas do dhéanamh in am ar bith le haghaidh athbhreitniú ar luach áitreabh ar bith. Ni raibh dualgas ar an iarratasóir, bíodh se ina úinéir no ina shealbhóir, t-údarás rátá1a nó an Coimisinéir cúis ar bith do thabhairt don athbhreithniú: dá má rud é go raibh sé sin ag teastáil



-10-

déarfaí é sa reachtaíocht. Anuas ar sin dúirt siad gur shocraigh na breithiúnais in Broken Hill Proprietary Company v. Broken Hill Municipal Council [1926] AC 94, Caffoor v. Commissioner of Income Tax (1961) AC 584 agus Kildare County Council & Anor. v. Keogh & Others , gur cinneadh mar an gcéanna a rinne an Cúirt Chuarda sa chás seo nár chruthaigh aon chineál cosc a bheadh ina bhac ar an údarás rátála nó ar an gCoimisinéir ceist na díolúine ó rátaí a athoscailt; is féidir an cheist a ardú arís maidir le gach bliain rátála.

12. Maidir leis na na h-aighneachtaí seo is gá ar dtús tagairt do dhéanamh don sliocht seo leanas ó bhreithiúnas Walsh J. ag caint ar son an mhórlaigh sa chúirt seo in Kildare County Council & Anor. v. Keogh & Others:


“If in litigation between parties in a court of competent jurisdiction a decision based upon a particular interpretation of an Act is given in favour of one of the parties, can that be the basis of an estoppel by judgement or otherwise in further and


-11 -

separate litigation between the same parties at a later stage in another court of competent jurisdiction so as to prevent the party who unsuccessfully contended in the first litigation for a particular construction of the Act from seeking to set up that construction again?

In my view the answer is ‘no’.”

13. Má tá an raiteas seo oirúinach mar dhlí d’fhiricí na cúise seo feictear domsa go gcaitfidh go dteipfidh ar na haighneachtaí curtha ós ár gcomhair ar son Gael Linn. Isé an argoint atá acu ná go gcoscann an teagasc res judicata - atá, ar ndoigh, ma chineal urbhac ar an mBárdas agus ar an gCoimisinéir úsáid a bhaint as an gcoras reachtúil faoi mír 3 (1) chun cheist na díoluine ó fhreagracht ar rátaí a ath-oscailt, gan a cruthú ar dtús go bhfuil athrú in úsáid an áitreabh nó i stádas Gael Linn a bheadh mar chóis chun dul chun dli arís fana ábhar.



-12-

14. Seo leanas na firicí a bhain le Kildare County Council & Anor. v. Keogh & Others . Bhi díohúine ó rátaí ag an mBSL i gcás seilbh ar áitreabh faighte nó tógtha le haghaidh scéim hidrileictreach na Sionainne. Dúirt an reachtaíocht chuí áfach, nuair scaradar le seilbh na n-áitreabh ba chóir dóibh buan íocaíocht bhliantiúl a thabhairt don údarás rátála a bheadh cothrom leis na rátaí measta don bliain deireanach den seilbh. Bhí Bord Solathair an Leictreachas i sheilbh a leithéid de áitreabh i mbaile Chill Dara agus nuair d’fhág siad an t-áitreabh do dhíoladar é le h-iontaobhaithe chumann carthannacha (as seo amach “na h-iontaobhaithe”). Sa cháipóis thíolactha chuaigh na h-iontaobhaithe i mbannaí in aghaidh chaillteanas don BSL maidir le aon fhreagarthacht as an mbuaníocaíocht bhliaintúil. Nuair d’agraigh na gearánaithe ad dlí ar na h-iontaobhaithe le haghaidh rátaí sa bhliain 1953, do chur na h-iontaobhaithe ma gcoinne ar an mbonn gur leor a n-íocaíocht bhliantiúil chun a fhreagracht as na rátaí do chomhlíonadh. Do theip ar an gcosaint sin sa Cúirt Chuarda ach d’óirigh leis le Ó’Byrne J. sa achomharc (féach Kildare County Council & Anor. v. Keogh & Others, (1953) ILTR 45). I 19ó1 thionsnaigh an t-údarás rátála cás dlí sa Chúirt



-13-

15. Chuarda ag éileamh rátaí nár focadh le sé bliana agus dibhíodh an t-éileamh sin sa Cúirt Chuarda. Ar a achomharc go dtí an Ard Cúirt dúirt Henchy J. an mhd seo a leanas:


“Does the said decision reported at 88 ILTR 45 estop or debar the plaintiffs from maintaining the present proceedings?

“If not, are the plaintiffs entitled to succeed in the present proceedings.”

16. Sa chúirt seo do chinn Walsh J. agus d’aontaigh Ó’Dálaigh, An Príomh Breitheamh leis, go raibh Byrne J. mícheart sa dlí nuair a dúirt sé gur chuir an bhuanfocaíocht leis na h-iontaobhaithe deireadh lena fhreagracht as na rátaí. Ba cheart go dtabharfaí fé ndeara nach raibh aon athrú sna toscaí nuair a tionscnaíodh an cás dlí a tháinig ar deireadh chuig an Chúirt seo mar chás sonraithe. Mar sin féin dhiultaigh Walsh J. sa sliocht réamhráite don argoint go raibh urbhac ar an údarás rátála ó bheith ag dul chun dlí leis an gceist aris maidir le freagracht na



-14-

n-iontaobhaithe as na rátaí toisc go rabhadar ag comhtíonadh na n-focaíochta bliantiúl. Cé go bhféadfaí a rá go bhfuil feidhm gineáralta ag an sliocht áirithe seo ceapaimse nach bhfuil aon amhras gurb é an ceist larnach sa chás sin ná feidhm res judicata sna cásanna rátála agus cánach. Bhí an cheist seo faoi caibidil ag coiste dlithiúil an Privy Council i Broken Hill Proprietary Company v. Broken Hill Municipal Council ma ndúirt an Tiarna Carson an mhóid seo a leanas agus é ag tabhairt comhairle an Choiste:

“It was also contended before this Board on behalf of the respondents that having regard to the said decision of High Court of Australia the question raised by this appeal is res judicata as between the appellants and the respondents, and the appellants are estopped from contending that such decision of the High Court of Australia is wrong. There is, however, no substance in this contention. The decision of the High Court related to a valuation and a liability to a tax in a previous year, and no doubt as regards that year the decision could not be


-15-

disputed. The present case relates to a new question - the valuation for a different year and the liability for that year. It is not eadem questio and therefore the principle of res judicata cannot apply.”

17. Ar an dul cóanna isé cinneadh an choiste in Caffoor and Anor. v. Income Tax Commissioner [1961] AC 584 at 598 ina dúirt an Tiarna Radcliffe:


In matters of a recurring annual tax a decision on appeal with regard to one year’s assessment is said not to deal with ‘eadem quaestio’ as that which arises in respect of an assessment for another year and, consequently, not to set up an estoppel. It is precisely that point that was raised and accepted by this Board in 192ó in Broken Hill Proprietary Company v. Broken Hill Municipal Council....

“The Broken Hill decision is in itself a striking application of the principle involved, since the earlier judgement which it was sought to


-16-

set up as an estoppel was one given by the High Court of Australia on a rating assessment referred to it by way of appeal under the tax procedure. It underlines the point that it is not the status of the tribunal itself, judicial or administrative, that forms the determining element for estoppel in cases of this kind, but the limited nature of the question that is within the tribunal’s jurisdiction. The judgment of the High Court that had been given in the earlier year was explicitly directed to the construction of a particular section of the rating Act and to the correct measurement of the liability in the light of that construction. Precisely the same point arose in the later year and was ultimately decided in this Board in a sense contrary to that which had previously been adopted.”

18. Agus tacaíocht aige ón sruth údarásach seo do chríochnaigh Walsh J. mar seo leanas:


“The matter of the particular claim adjudicated upon in the earlier proceedings before O’Byrne J. cannot be reopened with a view to


-17-

setting it aside. The present proceedings, however, are different proceedings which are based on a different claim relating to a period following that which was the subject matter of the decision of O’Byrne

J. I would favour the views expressed by the Judicial Committee of the Privy Council in Broken Hill Proprietary Company v. Broken Hill Municipal Council and in Caffoor v. Income Tax Commissioner to support the submission made on behalf of [the rating authority] that the question of liability for rates for one year is always to be treated as inherently a different question to that of liability for another year, even though there might be an identity on the question of law involved.”

19. Sé an t-aon ghné a dhéanann idirdhealu sa cás úd agus an cás atá idir lámha againn ná go raibh reacht difriúil faoi chaibidil. Ni féidir leis sin, afach, cur isteach ar fheidhmiú an phrionsabail ghinereálta a leag Walsh J. síos i, isé sin i gcás ceisteanna i dtaobh rátaí agus cánach ar aon nós nach bhfuil an fhreagracht i gcas bliana amhain mar a gcéanna le



-18-

freagracht do bhliain eile, cé go mb’fhéidir gurb ionann go beacht ceist an dlí ceist an dlí direach mar a gcéanna.

20. Níor iarr an t-Uasal Ó Tuathail orainn an cinneadh sin a chur ar neamhní agus glacadh leis an mbreithiúnas easaontaithe sa chás céanna ag McLoughlin J. B’shin, i mo thuairim, géilleadh ceart do-sheachanta óna thaobh. Is féiidir linn bunús an phroinsabail atá molta ag Walsh J. a chur siar go ré luath í saol an dlí in Éirinn agus cinneadh Binse na Banriona Limerick Corporation v. Commissioner of Valuation (1872-73) IR CL 420 nuair a cinneadh nar leor an fhiric go raibh an reachtas tar éis deis a thabhairt do athbhreithnúi luachala bliana amhain an bliain dar gcionn chun urbhac a fhail. Tá an tOireachtas tar éis glacadh leis an modh oibre céanna í mír 3 den Acht 1988 nuair do thug sé deis don úinéir nó don sealbhóir, don údaras rátala no. d’oifigeach an Coimisineara ceist stádas diolúine na náitreabh do ath-oscailt in am ar bith, d’ainneoin cinneadh roimhe sin ar ceist an dlí ag binse údarasach.



-19-

21. Ní feidir le Gael Linn tacaíocht ar bith a fháil ó údarais mar East Donegal Co-operative Livestock Marts Ltd. v. Attorney General ,agus Breithiúnas Walsh J. in Kildare County Council and Anor. V. Keogh & Ors . tá sé do-rátithe le feidhm na bhfiricí sa chás úd nó an cás seo lena breithiúnas in East Donegal.


22. Níl le rá ach nach bhfuil an breithúinas a rinne Kennedy C.J. sa chás Ó Foghludha v. McClean ag dóanamh tagairt dona torthaf a bhaineann le aitheantas í mBunreacht Saor Stát Éireann ar an nGaeilge mar teanga naisúinta agus breithúinas mar an gcóanna a rinne Ó Hanlon J. sa chás An Stáit (Mac Fhearraigh) v. Mac Gamhnai ag tagairt leis an talt comhionnach i Bhunreacht ár linne, nach bhfuil siad ar aon bhealach ina chabhair do Gael Linsa eás seo. Cibé torthaí a bhfeadfí bheith sa dlí maidir leis an stádas atá ag an nGaeilge de bharr na Bunreachta, ní féidir leo sin a úsid chun a rá go raibh mian ag an tOireachtas nach bhfuil léirithe ag na focail sna leaganacha Béarla agus Gaeilge den reachtas atá faoi chaibidil.


23. Caithim amach an achomharc.


© 1999 Irish Supreme Court


BAILII: Copyright Policy | Disclaimers | Privacy Policy | Feedback | Donate to BAILII
URL: http://www.bailii.org/ie/cases/IESC/1999/42.html